An Giobog lyrics

Artist Clannad
Album(s) Clannad In Concert

Lyrics

Bliain mhór sa taca seo ba deas mo chulaith éadaigh
Ba lúfar éadrom aigeanta a dhéanfainn bean a bhréagadh
Ach shantaigh mise an ghiobóg mar bhí cupla bó mar spré aici
Is d'fhág sí ar an anás mé is mo chraiceann gheal gan léine

Má bhí culaith mhaith an uair sin ort, b'fhéidir nár leat féin í
Ní raibh tú pósta seachtain go raibh fear na comharsa 'hiarraidh;
Dhíol tú mo chuid eallaigh, le sin agus tuilleadh réiteach
Is d'fhág tú ar an anás mé is gan snáithe orm san oíche
A bhuachaillí, a bhuachaillí, an méid agaibh atá gan pósadh
Ná santaigí na giobógaí de réir mar a bíonn siad cóirithe
Nó b'fhearr duit cailín glan agat a scuabfadh amach I gcónaí
Ná luathra buí na seachtaine á cur amach dé domhnaigh

A cailíní, 's a cailíní, an meid a posadh

Dé domhnaigh
I gcónaí

great sites:
Instant Song LyricsPokemon DatabaseSimpsons CrazyCartoon imagesThe Funny Pages