Mheall Si Lena Glorthai Me lyrics

Artist Clannad
Album(s) Fuaim

Lyrics

Seo mo mhallacht ar na mná
'S iad a mhearaigh mé 'gus rinne mo chrá
Thit mé I dtús mo shaoil I ngrá le spéirbhe,an álainn óg
Is mheall sí lena glorthaí mé

'S í bhí sochmaí laghach gan bhróid
'S í ba mheallachaí 's ba mhilse póg
Bhí sé cróiúil greannmhar cóir 's ní bréag a bhfuil mé 'rá
Gur mheall sí lena glorthaí mé

Shíl mé nach raibh duine bocht ar mo dhream
Nach raibh sa tsaol seo ach spórt is greann
Ach faraoir tá mé fágtha anois go fann, modhobhrán bhoct liom féin
Ó mheall sí lena glorthaí mé

Is iomaí oiche fhada fhuar
A chaith mé 'suirí leithe chois na gcruach
Is a 'teacht 'na 'bhaile arís gan ghruaim le bodhránacht a' lae
Nuair a mheall sí lena glorthaí mé

Thóg sí a seotlaí I bhfad ar shiúl
Is d'fhág sí mise a' sileadh na sul
Nar chuma liom dá mbínn a' dúil, lena feicéail arís níos mó
Och, mheall sí lena glorthaí mé

Nach doiligh domhsa theacht fríd a' tsaol
O d'eálaigh an ainnir úd a chráigh mo chroí
Is d'fhág sí mise lag gan bhrí 'o mo chaitheamh 's 'o mo chloí
Ó mheall sí lena glorthaí mé

Ach dá bhfáighinn-s"a an saol seo ar mo mhian
Scéal cinnte go mbeimis óg a choích'
Nó chuirfin-se lámh na cloige arís
Go dtí an t-am arbh fhiú bheith beo
Nuair a mheall sí lena glorthaí mé

great sites:
Instant Song LyricsPokemon DatabaseSimpsons CrazyCartoon imagesThe Funny Pages